School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)

Location:
Cahersherkin, Co. Clare
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 310

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Page 310
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí cúl dorais an leasa ar a dó-dheag a chlog Oidhche Shamhna go mbeadh sí ann agus go dtiocfadh sí abhaile leis. D'innis an cailín an sceul dá hathair agus do shocruig sé go raghadh sé go dtí an áit agus go dtabharfadh sé i abhaile. Ach nuair a tháinig an oidhche do chaill an fear a mhisneach - meathcacháin do beadh é is dócha, - agus níor chuaidh sé in aon chor agus deirtear go bhfuil a chéile san lios fós.
    Bhí tarrachán de driosúr, bríste fir, agus píopa fághta ar uachtar an leasa maidin amháin timcheall caogadh bliadhan ó shoin. Ní raibh fhios ag éinne conus a tháinig síád ann. Lá amháin do buail fear bocht an treó, chonnaic sé an bríste thóg sé é agus d'imthig sé a shlíghe. Níor tháinig sé ar ais arís agus do tháinig an bríste, ní raibh a fhios ag éinne cathain ná conus a tháinig sé, ach bhí sé le feiscint ins an ionad céadhna arís tar éis cúpla uaire. Tar éis ráithe nó mar sin chuaidh mo shean-athair go dtí an lios agus ní raibh táisg ná tuairisg den bríste ná den tarrachán ná den píopa le feiscint.
    D'innis Bean Uí Béicig dom go raibh sí féin in a suidhe go moc maidin breag Iúil timcheall fiche bliadhain ó shoin. Nuair a bhí a breicfeast ithte aici chuaidh sí amach agus do thíomáin sí na ba isteach sa bhóitheach. Nuair a bhí sí ag téacht amach as an mbothán chonnaic sí bhean d'arb ainm dí Bean Uí Cuinn ó Ceathrú ag gábháil an treó agus bhí sí ag déunamh ar an lios. Bhí cóta de phlinnín dearg uirthí agus bhí seal de'n adhbhair céadhna timcheall a cinn. I rith an lae bhí Bean Uí Béicig ag cuimhneamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Orgáin
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Bean Uí Chonóil
    Gender
    Female
    Address
    Cahersherkin, Co. Clare