School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 62
Sean Fothracha an Pharóiste
1.
Teach Uí Chinneide, Árd na Craith
= do phósadh Máighréad Uí Chinnéide le múinteoir scoile a bhí ag múineadh annso fadó. Acthígheara a b'ainm dó. Bhíodar na gcomhnuidhe in-éineacht le Sean Ó Chinnéide in Árd na Craith. Bhí Seán pósta le Bríghid Ní Lionnáin. Fuair Máighréad bás. Pósadh Máire Ní Chinnéide le Pádruig Machfhóla ó Lios Dún Bheárna. Do phósadh Bríghid Ní Lionnáin le Shéamuis Ó Seasnáin ó Bhalleliosdín. Fuair Séamuis bás agus phós Bríghid Tomás Ó Loinnsigh. Fuair Tomás bás agus phós sí Mícheál Ó Mhaolláin.
2
Teach Uí Chíosóg i mBailleliosdín =
Aintín do Tomás Ó Flanagáin, Baille Liosdín do b' eadh Bríghid Ní Chíosóg. Bhí sí agus a dearbhrátháir, Mícheál 'na gcomhnuidhe ann; do phósadh Mícheál agus Eibhlín Ní Fhaoileáin ó Chathair Bearnach; tá fothracha an tíghe le feiscint ann fós.
3.
Teach Uí Seasnáin, Bailleliosdín =
Bhí Peadar Ó Seasnáin agus Máire Ní Chuirtín'na gcomhnuidhe i mBaille Liosdín fadó. Nuair nár dhíol siad an chíos do sguabadh as an dtigh iad. Do thóg daoine na h-áite teach nuadh dóibh in-aon la amháin. Bhí cúigear páistí achu. Máighréad, Siobhán, Sean, Peadar agus Pádruig. Fuair Maighréad bás sa mbaille. Chuaidh Seán go h-Aimearicá. Fuair Sean agus Pádruig bás in Inis. Chuireadh Seán in aiche le Tobar NaomhBríghidhe. Báthadh Peadr sa'n abha i mBailleliosdín.
Ta fothracha an tíghe ann fós.Cnúsaighthe ag Máire Ní Chonsaidín ó mBailleliosdín,ó'na h-athair a fuair sí iad.- Collector
- Máire Ní Chonsaidín
- Gender
- Female
- Address
- Ballyherragh, Co. Clare