School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Page 061
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Do báthadh long i-n oileán craba agus do bhí dealbh innti. Fuair Seán Ó Lionnáin ó Dubhlinn an dealbh agus d'fágh sé 'san iochlann féin é. Lá dá raibh na "Dubh Crónaigh" ag dul thart, agus thugadhar an dealbh fé ndeara. Dubhradar "lamha suas" leis an dealbh acht dár ndóigh ní fhuaireadar freagra ar bith uaidh. Annsan do leigeadar urchair fé agus bhriseadar láimh leis. Tá sé ann fós.

    2) Do báthad long ar a dtugtar "an León XIII" in aice le Chaoilte. Do shabháil na Chaoiltigh an fhuireann ar fad, agus fuaireadar a lán airgid ó Rialtas na Frainnche dá bhárr. Deirtear na raibh séipéal ar bith i gCoillte roimhe sin.

    3) Do báthad long shíos i gClab Eoghain in-aiche le tígh Séamus Ua Chonchubhair. Nutaí a bhí sa long.

    4) Do báthadh long in-aiche le Leacht Uí Chonchubhair. Leacha a bhí innti. Tá siad féi'ngainimh fós, níor cailleadh éinne. Snámhadar go dtí an Droicheadh Nua.

    5) Do dhóghadh chruacha féir ar na daoine daoine seo leanas: lasdchar a dhein an sgrios.
    Seán Ó Cairmidhe: Lioscheannuir
    Diarmuid Mach Chonsaidín, Baille Bhris Láin
    Seán Mach Chonsaidín: Clochán
    Pádruigh Ó Aodhgáin: Liosceannúir
    Marbhuigheadh bullán le Pádruigh Ó Aodghain freisin.
    6) Marbhuigheadh sé nó seacht de de beithighibh ar Thómas Mach Chonsaidín, "Cathair Beárnach" istigh i geabhain a bhíodar. Lasrachar a dhein an sgrios.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish