School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Page 058
  3. XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 58
    Daoine Cáileamhla an Cheantair
    Fir láidre = Do bhí capaill fiadháin ag Concubhair ÓBriain uair amháin. Tháínig cúigear fear go dtían ceárda leis lá. Bhí se chomh fiadhain is ná raibh an gabha abalta cruidte do chuir fé. Bhí fear láidir 'na chomhnuidhe i mBailleliosdín Seán Ó Conúdha b'ainm dó.
    Do thiomáin sé an capaill fiadháin go dtí an ceárda gan chabhair ó éinnne.
    Do bheir sé sé greim ar a dhá chluas agus do bhris sé ceann acu.
    Fear láidre = Bhí fear 'na chomhnuidhe i Sráid na Cathrach fadó. Ó Cearbhaill ab ainm dó. Bhí cáil mór chun troda air. Chuaidh Pádraig Mac Cuirtín ó Chlochán go Sráid na Cathrach lá agus bhí capaill bacach aige. Casadh Ó Cearbhaill air agus bhí se á magadh mar gheall ar an gcapaill. Do chuir Ó Cearbhaill dúbhslan fé Mac Cuirtín agus tosnuigheadar ag troid. Ma dhein, fuair Mac Cuirtín an láimhuachtar air.
    Fadó bhí aonach i Liosceannúir agus bhí beirt fear an-láidir ann. D'eirigh achrann eatartha agus thosnuigheadar ag troid. Bhíodar ag troid ar feadh i bfad agus bhí duine acu ag fághail an láimh uachtar ar an duine eile, nuair a gabhadh agus cuireadh isteach sa poll dubh iad.
    Fir maithe siubhail= Do shiubhail Tomás agus Pádraig Ó Briain go Uachtar Árd agus ar ais arís, breis agus 124 míle.
    Spealadóirí maithe =
    Tomás Ó Mórdha, Dairín, Liosceannúir.
    Mícheál Ó hAodha, Baille Árd, Liosceannúir.
    Seán Mach Chiarais, Clochán, Liosceannúir,
    Mícheál Ó Maoiliún, Clochán Liosceannúir,
    Mícheál Ó Bheacháin, Beithe, Liosceannúir.
    Do ghearr Ó n-Eidhn agus seisear buachaillí óga seacht n-achraí d'fhéar in aon lá amhaín.
    Seanchaidhthe Maithe
    Muirt Ó Beacháin Chinn Fhaillte Liosceannúir
    Pádraig Ó Briain Dairín, Liosceannúir
    Mícheál Ó Chonóil, Chinn Fhaillte, Liosceannúir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chonsaidín
    Gender
    Female
    Address
    Ballysteen, Co. Clare