School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin

Filter stories

Back
/ 066 Forward
Resolution: Low | High
Scoil Bhríde, Liosceannúir | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Deireann na sean-daoine go mbíonn fhios achu go bhfuil an bháisteach ag teacht:-

1) Nuair a bhíonn chaipín ar Shliabh Challáin
2) Nuair a bhíonn bogha leach ins an spéir
3) Nuair a bhíonn an gaoth andhiar andheas ann
4) Nuair a bhíonn an fhairrghe briste
5) Nuair a bhíonn na faoileáin ins na páirceanna
6) Nuair a bhíonn na préacháin suidhthe ar na fallaí
7) Nuair a bhíonn an ghealach ag féachaint fé mar a bheadh dhá cheann achu ann

8) Nuair a bhíonn an chat 'na luighe chois teineadh
9) Nuair a bhíonn an grian gheal go moch ar maidin
10) Nuair a bhíonn bogha-leach mór timhpeall ar an ngeallach
11) Nuair a thagann sioch bán tiochfaidh an bháisteach 'na dhiaidh
12) Nuair a eitleann na h-éanlaithe go h-íseal
13 Má thuiteann bháisteach san 15adh d'Iúil, beidh cheathracha lá de bháistighe 'na dhiaidh

14) Nuair a feichtear na Sléibhte Chiarraighe go h-ana soiléir ar fad
Cnúsaighthe ag Máire Ní Chonsaidín, Bailleliosdín

Collector
Máire Ní Chonsaidín
Gender
female
Address
Ballysteen, Co. Clare
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish

CHÓMHARTHAÍ STOIRME

1) Nuair a bhíonn na préacháin ag eitilt go h-árd
2) Nuair a bhíonn chuma gheal ar an ngrian sa tráthnóna

CHÓMHARTHAÍ SEACHA AGUS SNEACHTAN
1) Nuair a bhíonn an gaoth ag séideadh ó'n oirthear
2) Bíonn an ainmsir go h-an fhuair nuair a bhíonn sioch ag teacht

CHÓMHARTHAÍ Le h-Agaidh AIMSIR BROTHALLACH
1) Nuair a bhíonn spré ó na sléibhe ann is eol duinn go bfuil aimsir breagh ag teacht

(continues on next page)