School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin

Filter stories

Back
/ 066 Forward
Resolution: Low | High
Scoil Bhríde, Liosceannúir | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

6
Tá óir i bfolach i gCeann Chaillighe agus deirtear go bfuil easóg ag tabhairt aire dó. Deir na sean daoine gur imthigh fear ann chun é d'fhághail, ach do léim an t-easóg air agus do marbh sé é.

7
Deirtear go bfuil óir i bfolach i gCaisleáin Uí Dhuinín agus cheithre easóga mar gardaí air.Thug duine teine d'on féar fadó atá ag fás i Lios na Mucaidí agus deirtear gur dhóbhair nár ith an t-easóg.

8.Deirtear go bfuil óir i bhfolach i gCaisleáin Uí Chonchubhair agus go bfuil easóg mar garda air.
Ta óir i bfolach i gCeann Chaillighe freisin, agus broch ag tabhairt aire dó.
Do dhein fear amháin iarrach an t-ór i gCeann Chaillighe a fhághail, agus do bhain an broch an cheann de.
Chnúsaighthe ag Eibhlín Ní Cárthaigh,
Baillechíarach ó'na h-athair
Aguistín Mach Charthaigh.

Collector
Eibhlín Ní Chárthaigh
Gender
female
Address
Ballyherragh, Co. Clare
Informant
Aguisín Mac Chárthaigh
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish

9Nuair a bhain an broch an cheann de do th.... (?) sé síos i mBulláin Domhnaill, agus sin é an fáth go dtugtar an ainm sin air. Tháinig fear eile ar thóir an óir agus cad a buailfheadh ceime (?) ach cat fiadhain. Do cheangail an fear le téad agus tarraing sé go bárr Fhaille e, agus leig sé síos leis an bfaill é agus d'fhág sé ann é ar feadh trí rae, agus sin é an fáth go dtugtar Poll Trí Rae ar an áit ó shin.

(continues on next page)