School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Page 049
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. CHINN FHAILLTE
    Tugtar Chinn Fhaillte mar ainm ar an mbaile sin mar tá sé suidhte in-aice le bárr-fhaille

    BAILE THÍARACH
    Tugtar Baille-Thíarach uirthi ós rud é go bfuil sé suidhte níos fuide síar ná aon baille fearainn eile sa pharóiste

    BAILLE LÁN
    Tugtar an ainm so uirthe, mar deireann na sean-daoine go raibh a lán tighthe ann fadó

    CHILL- CHONNALL
    Tagann an ainm seo ó chill na bpáistí atá ann

    BAILL' ÁRD
    Ós rud é go bfuil sé suidhte ar bhárr chnuich

    BAILL' an TÁLLIÚRA
    Deirtear raibh a lán táilliúrí 'na gcomhnuidhe ann fadó

    DAIRÍN
    Deireann na sean-daoine go raibh crainn daraide ag fás ann fadó

    TOBAR NAOMH BRÍGHDE
    Toisc gur dhein Naomh Bríghde sos gearr ann agus í ag taisteal ó Chonnacht go Mumha

    BAILLE LIOSDÍN
    Gheibheann sí a ainm ó lios beag atá ann

    LIOSLORCHÁIN
    Bhí sagas tighearna talmhan ann fadó darbh ainm dó Lorcháin, tá lios ann freisin

    BEACH
    Áit mar a bfuil crainn beithe ag fás go dtí an lá indiu

    LEACH na SAGART
    Ar an dtaobh thiar de bhaile fearainn, Baille Thíarach atá "Leach na Sagart". Ós rud é gur rith na sagairt síos ann, ins na droch aimsirí, mar bhí saighdiúirí Cromwell ar a d'tóir

    FHAILL BHRISTE CHROIDHE
    Capall fiadhain a bhí ag Máire Ruadh do réir na sean-daoine. Chuaidh marchach ar a drom mar do chuir Máire gheall leis nách rachadh, amach leis an gcapaill go dtáinig sé go bárr-fhaille. D'ionntaigh an marchach an capall agus briseadh a chroidhe agus thuit sé marbh.

    Scríobhtha ag Máire Uí Chonsaidín, Chinn Fhaillte, Lioscheannúir
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Uí Chonsaidín
    Gender
    Female
    Address
    Kineilty, Co. Clare