School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Bhríde, Liosceannúir
- XML Page 047
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Sean-fhile dá'r bainm do Mongabháin a chúm an dán seo leanas.”
(continued from previous page)47
(111) ar leanamhaint
4)
Ní fada do chuaidh mé nuair dubhradh liom suidhe
Bhí fáilte 'gus céad ann ó bhean gheal an tighe
a h-ainm le léigheadh díobh sé h-ainm "Sinead Greene"
agus togha céil aici Mícheál Ruadh Nagle.
Bhí féil' ann is comhartas agus bord ann chuig suidhe
Bhí gach uile sórt ann feóil is fataí
Bhí triur d'fhearaibh óg ba silbhre i gcroídhe
Agus thabharfainn an bár dóibh le chéile.
5)
Thógas mo sheólta go Baile Choitín
Is do'n Roinnig a sheólaidh me ar chómgar na díghe
Casadh orm óig-fhear ba shilbhe i gcroidhe
Is e a bhí suidthe gan aon locht
Dúbhairt sé le chomhartas dul chuig a dtigh
Ta fáilte 'gam romhat: is fear spórt me is gníomh
Ní dhéarfadh níos mó leat go n-innsíghidh mé díobh
Gur b'é Mícheál Ó Cinnéide is mián liom.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choluairthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Kineilty, Co. Clare