School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin

Filter stories

Back
/ 066 Forward
Resolution: Low | High
Paidir le Rá roimh Dhul a Chodladh do Dhuine

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

28
1) Maire Ní Chulúairthe
2) Cinn Fhaillte: Lios Ceannúir: Co an Chláir

Paidir le rádh roimh dul a chodladh do dhuine
luighim ar mo leabthain ar chomhraidh Críost dúinn
Ó naomhtha baiste cuig ár mbearta bheith sgaoileadh
Rí na bflaithis dá máir n'ár dtimpeall
'gus banríoghan na n-aingil a réidhteach na slighe dúinn
Anna máthair Muire máthair Críost
Elizabeth máthair ón (sic) Baiste an triúr san cuirimíd 'dir sinn agus galar na leabthan
An crann ar chéasadh Iosa Críost air
Cuirimíd 'dir sin agus trom luighe na h-oidhche
cabhar is cairde is grásda ó Dé chugam
Do chabhar gach lá sí atáimíd id' iarraidh
Sacraméad na h-athruighe agus go n-eartuighidh Dia sinn
Agus cuirimíd ár n-anam ar do comhraighe a Thíghearna
Cros na n-aingil ins an leaba seo luighfimíd síos
braon d'á ghrásta 'lár ár gcroidhe istigh
brat ó Pharrthas go dtagaidh n-ár dtimpeall
Tógfaidh ceo agus smúit agus peacaidhe an domhain mór seo dúinne
grádh le'm chroidhe tú Mhuire Mháthair
grádh le'm croidhe go deo is go bráth thú.

(continues on next page)
Informant
Máire Ní Chulúairthe
Gender
female
Address
Kineilty, Co. Clare
Language
Irish