Ceathrar ag rith, ceathrar ar crith, beirt ar an gcarraig, beirt ag faire agus mach an ghlioblacháin ag rith ‘na ndiaidh.
(Bó ag rith)
Molt mór, dubh, donn, istigh idir dhá ghleann, nuair a bhogann an molt mór, dubh, donn, bogann an dhá ghleann.
(Asal, dhá chliabh air)
Cím chugham anoir anall, inghean an rí go tirim teann fáinne óir ar bharr a baise is cúl a coise tré n-a ceann.
(Tuagh)
Do ritheas agus fuaras, do stadas is do chuarduigheas, dá bhfaghainn é, ní thuibhrainn liom é, acht ó ná fuaras, thugas.
(Dealg im chois)
Riddle, riddle, ree, such a riddle couldn’t be through a rack, through a reel, through an old spinning wheel, through a bag of pepper, through an old hag’s shin-bone, riddle me that or let it alone
(A moth hole)