School: Creagán Buí, Cora Finne

Location:
Craggaunboy, Co. Clare
Teacher:
Ml. Mac Consaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creagán Buí, Cora Finne
  2. XML Page 431
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Rugac agus tógadh Seamus Gobnaire Ó Maoláin i Drineach, ...

    Rugadh agus tógadh Seamus Gobnait Ó Maoláin i Drineach, Muilte Muiris. Iománaide maith do beadh é. Sé an céad cúntas atá le fágail air iseadh nuair a bhí sé ocht mbliadna deag d'aois. Cuireadh cuireadh air teacht go Fusac taobh thior de Cill-na-Móna ag iománaideacht le daoine dá shaghas féin.
    Chuaidh sé féin agus comharsan go h-aonach na Gaillimhe ag ceannach capaill. Nuair a shroiseadar áith ar a dtugtar Cnoc Méad air i meadon oidhche do rith iománaidhe amach. Chuir sé céad mile fáilte roimh Seamas Gobnait O Maoláin ó Líos Driníghe agus dubhairt sé leis dá mbeadh fear saogalta ag imirt leó, mbuadfaidís an báire. Do ghéill Seamus Gobnait dó agus annsin fuair sé comán. D'imthig an comharsan eile leis féin go dtí an aonach. Bhí gach rud socruighthe cun an bháire agus dubhairt an fear a thug an comán dó nuair a bheadh a báire críocnuighthe go tarrthuigheóchadh bean deoch bainne as canna dó agus gan í ól. Do tarrthuigheadh an deoch mar a dubharadh ach d'éitigh Seamus í annsin chuir an bhean a méar ins an bainne agus címil sí dá phus é. Sin é an uair a bhain an tiormeasg dó. Dubharadh leis nuair do raghadh sé ar an aonach go gceannóchadh sé capall ag crosaire in aice an chathair agus nuair a thiomáfaidhe isteach go dtí an chathair í go ndeanfad sé sgrudú eile air agus go gcaithfeadh sé suas é ach go gceanóchadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maire Nic Con Midhe
    Gender
    Female
    Address
    Moanreel North, Co. Clare
    Informant
    Muiris Ó Maoláin
    Gender
    Male
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Moanreel North, Co. Clare