School: Eidhneadh, Inis (roll number 14622)
- Location:
- Inagh, Co. Clare
- Teacher: Ss. Mac Gearachaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eidhneadh, Inis
- XML Page 211
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 211
Ór i bhFolach.
Domhnach amháin nuair a bhi an taifreann ar siubhal bhí fear de mhuinntir Chórrúidhe ag siubhal mór-thimcheall a chuid talmhan .
Do chualaidh sé go minic roimhe sin go raibh ór i bhfolach sa pháirc sa pháircin a raibh sé agus tugadar "An Currach Saidhbhir mar ainm air.
Tar-éis tamaill do hosgaileadh dabhach mór óir ós a chómhair amach.Dubhairt sé go raibh sé chómh mór san gurbh fhéidir le cóiste agus ceithre capaill iompódh istigh ann.Bhi cat agus slat coill ag tabhairt aire dhó.Do labhair guth tríhuaire in dhiaidh a chéile ag iarraidh ar an bhfear an gcoimeádfadh sé an t-ór.Do fhreagair an fear gach uair go gcoiméadfadh sé muna ndéanfadh sé aon díobhál dá anam, mar fear naomhtha dob eadh é .Tar-éis an tríomadh huair do dhún an dabhach arís agus ní fhéachaidh aoinne ó shoin é.- Collector
- Máire Ní Éigeartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 15