Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)
- Suíomh:
- Inagh, Co. Clare
- Múinteoir: Ss. Mac Gearachaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eidhneadh, Inis
- XML Leathanach 184
- XML “Na Seanscoileanna”
- XML “Scoil Scairte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 184
11
Na Sean Sgoileanna (Sgairte).
Bhí sean-sgoil 150 slat ó'n sgoil atá ann anois agus 100 slat ó'n séipéal, beagnach.Bhí sé san áit 'na bhfuil tigh anoios ag Máirtín Ó Lochlannaigh :-oifig an Phuist atá ann anois.Chuaidh a lán de's na sean-daoine ,atá ann anois ar sgoil annso.B'é Tadhg Crón Muice Mac Curtain an maighistir a bhí ann .Bhí sean-sgoil eile i gCluain -an -Átha sgoil ag Tadhg annseo istigh i gcuílín ag bun an chnuic ata ag dul suas go dti an sgoil náisiúnta atá ann anois .Is le muinntir Uí Choitir an pháirc bheag seo, Mac Dheirbhsuír do Thadhg 'seadh an feara seo - "Sgoil Sgairte"
Bhí sgoil sgairte i machaire timcheall leath-mhíle ó'n mbóthar a ritheann ó eidhneach go Cill na Móna.I gcabán a bhí an sgoil agus tá an ceann céanna le feiscint go dtí an lá atá indiu ann.i dtalamh fear de mhuinntir Cheallacáin atá sí suidhte.
Bean(leanann ar an chéad leathanach eile)