School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)abalta gach galar is do leigheas bean draoideachta abeadh í freisin. Seo an slighe a leighisadh sí na daoine. Do bhí buidéal aici, agus deirtear go raibh fear istigh ann, is doca gurbh é sin an diabhail, agus ma go raibh an fear ina sheasamh istigh san buidéal, beid sí abalta an duine a leigeas, agus ma go raibh sé ina luighe, ní beid sí abalta an duine a leigheas. Seo sgéal mar gheall uirthi. Do bhí fear ón áit seo Litir Úi Cheallaigh, darbh ainm Conáin, agus uair amháin, do chuaidh sé go dtí Brighidh na Moich Éirghe, i gcóir leigheas dá mhach a bhí tinn. Núair do bhí sé ag dul, do casadh fear air, agus do bhí aithne aca ar a chéile, agus d'iarr an strómséar ar Conáin cá raibh sé ag dul, agus dubhairt sé an sgéal dó, agus do chaitheadar tamaill ag cainnt mar gheall ar Brighidh na Moich Éirghe. Núair do chuaidh an fear go dtí an áit a raibh sí ina chomhnuidhe, agus dubhairt sé a sgéal di. Agus dubhairt sí nach leigisadh sí é, agus d'iarr sí air cad na thaobh go raibh sé ag cainnt, mar gheall uirthi, agus dubhairt sí leis dul abhaile agus aire a thabhairt dos na ba. Núair a thánaigh sé abhaile bhí ceann des na ba agus í mharbh.
Do bhí fear ó Inis Diomáin ag dul go dtí Brighidh na Moich Éirghe uair amháin. Evil a bhí air, núair do chuaidh sé go dtí Brighid, dubhairt sí leis go mbead go maith tar-éis tamaill, ach go(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Mhathúna
- Gender
- Female
- Address
- Letterkelly, Co. Clare
- Informant
- Nóra Murray
- Gender
- Female
- Address
- Letterkelly, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Gill Máirtín
- Gender
- Male
- Address
- Letterkelly, Co. Clare