Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Furroor, Co. Clare
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 333
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann fadó agus bhí triúir mach aige.

    Bhí fear ann fadó agus bhí triúir mach aige. Sé na h-ainmneacha a bhí ortha ná Tomás agus Seán agus Séamus. D'fág sé an talamh ag Tomás agus d'fág sé an spré ag Seán agus níor fhág sé aon rud ag Séamus ach an cat. Bhí cainnt ag na chait fadó agus dubhairt an cat lé Séamus "Dá dtabharfá máílín cugham-sa chuig é a chur fé mo mhuinéal agus peidre bróg b'fhéidir go ndeanfainn rud eicínt dhuit." Thug sé na bróga agus an máílín cuig an cat. D'imthigh an cat go dtí an coill agus rugh sé ar trí éanluithe breaghtha. Thgu sé na h-eanluithe go dtí duine-uasal a bhí ins an áit sin. "Eanluithe a chuir an rí milis cughat" dubhairt an cat. An rí milis sé sin an ainm a thug an cat ar Séamus. Dimthigh sé lá eile agus rugh sé ar eanluithe agus thug sé íad go dtí an duine uasal agus dubhairt sé an rud ceadhna. An triomhadh lá d'imthigh sé agus dein sé an rud ceadhna. Bhí sainnt ag an duine uasal an rí milis d'feisgint. Dubhairt sé leis an cat á rád leis an rí milis beith ar an droiceadh mór roimh amáireach. D'aithin an cat ná raibh aon eadach maith ag Seamus bocht agus dubhairt an cat le Seamus bheith ar snámh amuig ins an abhainn nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0545: The Cat as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mairéad Ni Charraig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Furroor, Co. Clare