School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann go raibh aon mhac amháin aige. Buachaill breágh fial ab eadh an mac so ach anois is arís bhíodh sé beagáinín mí-chiallmhar agus failightheach. Bhí na comharsana go léir an mhór leis ach is minic a bhíodh díospóireacht agus argóint idir é féin agus a athair. Tharla lá amháin gur eirig eatorra agus bé deire an sgéil gur chuir an t-athair a mhac as an tig ar fad agus dubhairt sé leis gan teacht arais go deo na ndeor. Chuaidh an mac brónach go leor pé áit a bhfuair sé a phasáiste go dtí tír thar lear. Doibrig sé go dian moc déanach. D'imigh na bliadanta. D'eirig go maith leis agus shabháil sé dulcán maith d'airgead.
Sa bhaile bhí an t-athair ag dul i n-aois agus gan aoinne aige. Ba mhó uair a chuimhnigh sé ar a mhac amháin ach tásg ná tuairisg ní fhuair sé na thaobh, ón lá a iompaig sé a chúl ar an dtig. Bheadh sé sásta dá mbeadh sé arais arís aige. Ar an láimh eile cé go raibh ag eirghe go maith le sea an mac, bhíodh sé buadhartha goleor, nuair chuinnigheadh sé ar a athair agus abhaile féin. I gceann deich mbliadan bhí sé saidhbir go maith agus shocruigh sé 'na aige go raghadh sé arais 'dtí'n a thír féin chun fághail amach connus a bhí ag eirghe lé'n a athair agus leis an sean-áit. Tháinig ach ní abhaile a tháinig se i nao'cor ach dtí tig tabhairne comhgarach d'á thig(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Furroor, Co. Clare