School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)

Location:
Furroor, Co. Clare
Teacher:
Máirtín Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0606, Page 308

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0606, Page 308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Page 308
  3. XML “Gearóid na Caillí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gearóid na Caillighe
    Bhí sean fhile darab ainm Gearóid Mac Gearailt na chómhnuidhe in-aice le Sráid na Cathrach uair. Gearóid na Caillighe an leas ainm a bhí air. Domhnach amháín bhí sé ag Aifreann thuas i gCill Mháile. Bhí an pobal bailighthe lasmuigh don seipéal roimh Aifrinn. Tháínig fear cuig Gearóid agus d'fhiafruig sé dhé an scríobhfadh sé fóghra dó lé cur ar an altóir mar gheall ar asal d'imthig uaidh an mhaidin sin. Dubhairt Gearóid go sgríobhfadh sé agus fáilte. Fuair an fear peann dubhach agus páipeár agus scríobh Gearóid do réir mar d'innis an fear a sgeal dó. Cuireadh an fógra ar an altóir. Ní nách iongnadh bhí súil i n-áirde 'ge fear an asail nuair diompuig an sagart amach cun labhartha leis an bpobal agus cun na fógraí do léigheamh. Seo mar do léigh sé.

    Asal malach atá stángach gúngach
    Do ghluais cun siubhail uaim go moch indiu
    Do bhí ceann mór air earball scuabach
    Is bhí a chuid gruaige gan a bheith bán nó dubh
    Ní raibh crúdh ná tairnge 'na chrúbha ach gága
    Bhí a rúmpa gearrtha agus marc 'na phus
    Is pé fear nó buachaill ag a mbeadh a thuairisg
    Do gheobhaidh mar dhualgas uaim galún puins.
    24adh Bealtaine 1934
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Seasnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máire Bean Uí Sheasnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    60
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Furroor, Co. Clare