School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)

Location:
Furroor, Co. Clare
Teacher:
Máirtín Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0606, Page 306

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0606, Page 306

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Page 306
  3. XML “Diarmuid Ó Seanachán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhi fear na chómhnuidhe i naice le Sráid na Cathrach air amháin agus Diarmuid O Seanacháin ab ainm dó. Cheap Diarmuid bocht nách raibh a ainm féin galánta go leor agus shochruig sé é a aistriú dti "OBriain" sloinne uasal. Ní raibh a fhios aige connus a deanfadh sé é ach i ndeire thiar thall chuaidh sé dti an sagart parróiste agus diarr air é a dhéanamh dó. "Ó déanfad é sin duit agus fáilte" ars an sagart "Ach caithfidh tú ullmhú a dhéanamh cuige sin. Cuir féasta mór ar siubhal oidhche árighthe agus beir cuire don cháirdibh go leir agus dod chomarsana. Beidh mise ann nuair a bheidh gach rud socruighthe agat"
    Chuaidh an fear abhaile agus dhein sé gach rud mar dubhairt an sagart. Tháinig an oidhche agus mar araibh sluagh daoine ann ní lá fós é. Bhí an sagart agus a chléirech ann. Ditheadar agus dóladar a ndóthain agus nuair a bhí sin déanta acu dubhairt an sagart go raibh sé i-n-am an obair a dhéanamh. "Ós rud é go bhfuil tú baistighthe ceana féin", ar seisean "do réir Riaighlacha na hEaglaise níl cead agam fein aon rud eile a dhéanamh duit ach do thugas mo chléireach anseo liom agus tá sé go h-an mhaith cun rudaí den tsaghas san do dheanamh. Déanfaidh sé an obair go h-áluinn duit" Deirig an cléireach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Seasnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máire Bean Uí Sheasnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    60
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Furroor, Co. Clare