School: Cahermurphy, Cill Mhichíl (roll number 15327)
- Location:
- Cahermurphy, Co. Clare
- Teacher: Séamus Ó Laoighléis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)di agus chuaidh sí abhaile arís go h-áthasach. Tháinig sí féin agus a mac ann agus tugadh a shuibhal dó san. Annsin chuaidh an bhean go dtí an Sagart Parróiste agus d'innis sí a sgéal dó. D'innis an Sagart Parróiste an sgéal do'n Easbog agus tháinig seisean agus do leighisigheadh é. Thosnuigh daoine ag teacht ó gach áit in Éirinn chun leighis d'fhághail ann.Cúpla bliain ó shoin thosnuig an t-Athair Ó Raghallaigh i gCill Mhichíl ag deisiú an tobair. Do dhein sé féin agus fir óga an Pharróiste sár-obair ann agus tá sé anois i gceann des na h-áite is deise in iarthar na h-Éireann. Do chuir sé tigín beag deas timcheall ar an dtobar, agus ar a bhárr chuir sé dealbh Mhichíl Naomhtha agus tigín eile timcheall ar san. Gach bliain anois tagann na mílte daoine as gach áit ar fuaid na h-Éireann go dtí an tobar. Tugann na daoine turasanna ann ó'n t-ochtmhadh lá de Bhealtaine go dtí an t-ochtmhadh lá de Dheire Fóghmhair. Téigheann siad timcheall ar an dturas amuigh cúig uaire agus an fhaid a bhíonn siad ag siubhal deireann siad an Choróinn Mhuire. Annsan teigheann siad go dtí an tobar agus deireann siad lúireach na(continues on next page)
- Collector
- Máire T. Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Cahermurphy, Co. Clare