Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)

Suíomh:
Cahermurphy, Co. Clare
Múinteoir:
Séamus Ó Laoighléis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0602, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0602, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Asal Maol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é a dhíol. Tháinig lucht an dlighe chuig a theac agus nuair ná raibh an t-airgead ag Tomás dhóibh do thógadar an t-aon rud a bhí sa tsaoghal aige - an t-asal. Do sháthadar isteach i bpóint (pound) é agus tar éis tamaill do bhaineadar na cluaise de. Thugadar cead a chos dó agus cuaidh sé abhaile agus seo mar a labhair Tomás leis nuair a chas sé air.

    Asal Maol

    (I)
    Míle fáilte id shaoghal is id shláinte go cioch na raithe chughainn asail mhaoil
    Tabhair cúnntas láithreac ce'r chuaidh an rábaire do shearrach áluinn do bhí led' thaoibh
    Dá mbeinn trí ráithe ins an dígh go bhásta do bheinn in á leat seal airíst.
    Nuair a casfaidh an maighistir abhaile ó Phairlimint beidh do cnámha 'gainn le lasadh roimhe.

    (II)
    Ba beithidheac crógach i bhfuil sa bhfeoil tú gur chuaidh 'n póinte agus na chuidhe,
    Cuireadh tairnge i mbeó dhuit do loit go mór tú agus na cluasa onórac do baineadh díot,
    Mo chreach ghéar dóighte mar leigeas leo-tha tú, nár thugais coróinn dóibh nó luach na dighe
    No meanndín órna mar thug na comharsa a thabhairt do'n stócach le h-aghaidh an t-síl.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál C. Ó Laoighléis
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Synge Street, Co. Dublin
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Con Luachra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Cloonnakilla, Co. Clare