School: Cahermurphy, Cill Mhichíl (roll number 15327)
- Location:
- Cahermurphy, Co. Clare
- Teacher: Séamus Ó Laoighléis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Page 136
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Cristóir Ó Coluíosachta (Lysacht)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rugadh Criostóir Ó Coluíosachta i gCill Chani i ngiorracht míle de Leath h-Ínse timcheall le dhá céád bliain ó shoin. Feirm talmhan abhí mar slighe bheatha aige.Deirtear ag an sean daoine atá comhnuidhe i Leath hÍnse go bhfuair sé a oidhceachas i gColáiste na Trionóide. Deireann siad go raibh sé ana chliste ar fad agus tá a chuid filíochta de glan mheabhair ag gac sean duine beagnac sa pharóiste. Ó sean duine go sean duine atá sé ag teacht síos cughainn acht ní misde a rádh go bhfuil sé i gceart aca mar chuala mé gach ceann díobh seo leanas ó triúir daoine agus níl deifriocht eatorra.Bhí filíocht dá scríobh ag Criostóir Ó Coluíosachta i gcóir na hÉireannaigh nuair bhíodar ag troid i gcoinnibh na Sasanaigh agus mar gheall ar sin cuireadh thar sáile é go dtí Van Diaman's Land. Bhí tréas deanta aige mar a dubhairt na Sasanaigh.Nuair a cuireadh thar sáile é do sgríobh sé(continues on next page)
- Collector
- Micheál C. Ó Laighléis
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Mac Con Luachra
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Cloonnakilla, Co. Clare