School: Cahermurphy, Cill Mhichíl (roll number 15327)

Location:
Cahermurphy, Co. Clare
Teacher:
Séamus Ó Laoighléis
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0602, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0602, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cahermurphy, Cill Mhichíl
  2. XML Page 129
  3. XML “Cathair Mhurchú - Scéal na Cathrach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an dtaobh thiar de'n scoil tá cnoc mór árd. Tá sí an-aosta ar fad agus deirtear anois go bhfuil sí ann ó aimsir na bhFear mBolg. Cuma chruinn atá uirthí agus tá sí déanta de clocha. Tá dúnta móra eile mar í gCathair na Stéige i gCiarraighe agus i nDún Aongusa in Árainn. Tá na fallaí go léir leaghtha go talamh anois beagnach. Tá alán sean-sgéalta againn mar gheall ar an gcathair.
    Caoghadh bliain ó shoin deirtear go raibh dorus isteac insan gCathair agus lá amháin chuaidh bullán isteach ann agus níor tháinig sé amach arís. Annsan chuaidh daoine isteach chun an bhulláin acht b'éigean dóibh teacht amach arís gan é. Deirtear go bhfuil poll sa talamh i lár na cathrach agus go bhfuil seomra mór leathan istig ann. Tá pota óir istig ann agus tá cú fiadhain dubh i bhfuighil an óir.
    Dá mbeitheá ag brionglóid ar an ór trí oidhcheanna in dhiaidh a chéile agus dá raghfá go dtí an loch atá ar an dtaobh thiar thuaidh de'n scoil idir an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire T. Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Address
    Cahermurphy, Co. Clare
    Informant
    Mártan Ó Baicéir
    Gender
    Male
    Address
    Cahermurphy, Co. Clare