Scoil: Scoil na mBráthar

Suíomh:
Tipperary, Co. Tipperary
Múinteoir:
An Br. C.B. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0578, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0578, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí mór-chuid Tighearnaí timcheall na h-áite seo. Dearfadh cuid des' na daoine nách raibh siad chómh crósta is a bhí siad in áiteanna eile. Bhí ceathrar díbh timceall na h-áite, Lowe, Blunt, Barra-Mór, Ó Scollaighe agus do cuireadh mór-chuid as a sealbh ins an ait seo. Do cuadar go léir go America. Do fuair Blunt agus Barraí Mór an talam ó Cromwell agus cheannaigh na daoine eile é.
    Bhí ar bean an ait seo gach rud a bhí sa tig aici do thógaint amach ar an mbóthar agus níor mhaith leo é sin mar ní raibh siad ábalta ar aon tigh eile d'fhághail. Do bhí ortha na rudaí go léir do dhíol agus dul thar lear, agus níor thángadar tar-nais ó shoin. Do bhí ar daoine eile dul amach mar níor dhíol siad aon chíos.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge