Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tipperary, Co. Tipperary
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chónaí i bParóiste Dúin, agus ba gnáthach leis dul ag cuardach go tig comharsan nach raibh i bhfád óna thig féin.
Oidhche amháin, bhí sé ag teacht ón ceann de na cuairdibh seo. Oíche gealaigh a bhí ann, agus bhí beagán gaoth ag séideadh na gcrann. Bhí sé ag teacht i ngarrach d'a thig féin, nuair do chonnaic sé duine agus caipín bán ar a ceann agus í ag seadadh anon is anall. An chéad rud do dhein sé ná fioghar na Croise do bhaint de féin.
Sa deire, fuair sé a mhisneach, agus do rith sé cómh tapaigh agus a b'fhéidir leis go dtí a thig.
Maidin lá'r ná mhaireach, do tháinig sé amach go dtí an áit a chonnaic sé sprid an oíche roimhe. Níor chonnaic sé aon rud, ach, caipín bán ar sceach, agus í ag séadadh anonn is anall. B'é sin an sprid(leanann ar an chéad leathanach eile)