School: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (roll number 7911)

Location:
Curragh, Co. Tipperary
Teacher:
Mícheál Ó Dubhshláine

Filter stories

Back
/ 404 Forward
Resolution: Low | High
An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0572, Page 392

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Lios a Mheádh
Tá an lios seo i gCurrach. Lá dá raibh Jimy Shéamuisín ag dul thar an lios seo connaic sé sgean pócha caithte in aice an leasa. Bhí cos airged ar an sgean agus do thóg Jimín abhaile leis í.
San oidhce san roimh dul a chodladh dó, do gheárr sé iongna órdóige a coise leis. Ar an nomeat d'at a órdóg go raibh sé comh mór le baraille. Ní bhfuigead sé chodlad ná dada do dheanamh ar feadh trí lá. D'innis sé an sgeal do comhairsain agus do comhairlaig sé sin dó an sgean do chuir thar ais arís in aice an leasa. Do dheineadh agus san oidhche chéadna do phlaoseadh an órdóg agus sé an rud a tháinig amach ná an méid gruaig is abheadh ar earball capaill.

Informant
Pádraig Ó Maoldomhnaigh
Gender
male
Address
Kildanoge, Co. Tipperary
Language
Irish

Bhí cruinneal ag fear d'arb ainm Maoldomhaig. Bhí an cruinneal seo nios móre ná a capall. Lá amháin rith sé amach as an bpáirc 'na raibh sé agus treasna sé páirceanna is thar claoidhe agus enall go dtí an lios

(continues on next page)