Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios mór im Cheanntar i bpáirc Murchadha. Lios an-fháda ar fad iseadh é. Tá sé leath míle ar fad. Tosnaigheann an lios i bpáirc Muinntir Lonergán i Ruan agus stadann sé i bpáirc Muinntir Murchadha leath mhíle ón áit sin. Deirtear gur iad na Loclannaigh a dein an lios sin.
Tá poll mór sa lios san agus deirtear dá dtéigheadh aoinne síos go mbéarfhadh na sidhe air agus ná leigfeadh siad suas arís é. Deirtear go gcomhnuigheann na sidhe síos ins na liosanna sin anois. Seo scéal mar gheall ar ceann des na daione a bhí 'na comhnuidhe ins an lios sin.
Bhí bean 'na chomhnuidhe sa lios sin fadó agus gach tráthnóna do theigheadh sí isteach go dtí tig Muinntir Giollaphádraigh. Nuair a thagadh sí isteach do suidheadh sí cois na teine agus ní labharadh sí focal le muinntir an tighe. D'fhanadh sí ann ar feadh uair a chluig agus annsan théigheadh sí amach agus isteach sa lios arís. Deineadh sí é sin gach oidhche agus sa deireadh do stad sí. "Cailleach na Bhann La" a thugaidís uirthe.- Faisnéiseoir
- Dathí Ó h-Aillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Knockperry South, Co. Tipperary