School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 382

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Page 382
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá lios mór im Cheanntar i bpáirc Murchadha. Lios an-fháda ar fad iseadh é. Tá sé leath míle ar fad. Tosnaigheann an lios i bpáirc Muinntir Lonergán i Ruan agus stadann sé i bpáirc Muinntir Murchadha leath mhíle ón áit sin. Deirtear gur iad na Loclannaigh a dein an lios sin.
    Tá poll mór sa lios san agus deirtear dá dtéigheadh aoinne síos go mbéarfhadh na sidhe air agus ná leigfeadh siad suas arís é. Deirtear go gcomhnuigheann na sidhe síos ins na liosanna sin anois. Seo scéal mar gheall ar ceann des na daione a bhí 'na comhnuidhe ins an lios sin.
    Bhí bean 'na chomhnuidhe sa lios sin fadó agus gach tráthnóna do theigheadh sí isteach go dtí tig Muinntir Giollaphádraigh. Nuair a thagadh sí isteach do suidheadh sí cois na teine agus ní labharadh sí focal le muinntir an tighe. D'fhanadh sí ann ar feadh uair a chluig agus annsan théigheadh sí amach agus isteach sa lios arís. Deineadh sí é sin gach oidhche agus sa deireadh do stad sí. "Cailleach na Bhann La" a thugaidís uirthe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Informant
    Dathí Ó h-Aillidhe
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Knockperry South, Co. Tipperary