School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin

Filter stories

Back
/ 382 Forward
Resolution: Low | High
Ráthanna agus Liosanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 381

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá lios i bpáirc le Muinntir Muirgheasa. Carraig mór iseadh é agus tá poll mór istig in a lár. Tá sé ar bruach na h-abhann agus tá poll uisge fé ar a dtugtar "Poll Noonan" mar bádhadh fhear darbh "Noonan" ann fadó. Ar an slighe go Dún Garbhán tá carn cloc agus tá gaiscidhe curtha ann ar a dtugtar "Grub". Deirtear go bhfuil guna agus madra curtha ann leis. I Mullach tá "cáb" agus deirtear go bhfuil ór i bhfolach ann agus madra chomh mór le laogh ag tabhairt aire dhó.

Informant
Maitiú Dubhgán
Gender
male
Age
40
Address
Moloughabbey, Co. Tipperary
Language
Irish