Timcheall ceithre fichid blian ó shoin bhí scoil i mbatharnach leach míle ó Caisleán Nua. Istigh i dtigh ar nós sciobóil in-aice Bóithrín Dall a bhíodh an scoil seo ar siubhal. Bé ainm an mhuinteór a mhuin ann ná Gregary Ó Brathnac agus deirtear gur shíolruigh Muinntir Brathnac 'na gcómhnaidhe san am láithreac san áit ón bhfear san. Do bhíodh an scoil seo ar siubhal ar feadh trí uaire sa leo. Do mhuineadh gach adhbar do na páistí i nGaedhilg mar ní raibh aon fhocal béarla ag an múinteóir agus bhí droc-mheas aca ar an nbéarla leis pé scéal é. Is le pinn cleite a scríobh siad ar na chóip leabhar. Ní bhíodh aon bhinnse aca agus is ar clocha móra a shuidheadh na páistí agus an múinteór ar bosca. Fuair sé pág de réir saidhbhris túismightheóirí na páistí acht ní fhuair sé acht ceithre scillinge ó daoine bhí an-bhocht ar fad. Tá an scoil seo le feiscint fós.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »