School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin

Filter stories

Back
/ 382 Forward
Resolution: Low | High
An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 365

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

h-Eocaill tar-éis ionnsuighe Cluain Meala cuir sé na dóirse fé glas nuair a bhí na daoine istigh ag éisteac Aifreann, annsan cuir se tré theine é. D'éalaigh buacaill beag amach tríd na fuinneóga agus ní raibh fhios ag aoinne ce'r leis é. Cuirtear an ainm "Broin" air agus is ón buachaill sin a shíoluig Muinntear Uí Broin.

Tá caisleán ana mór ar fad suidhte i bpáirc Muinntir Ó Gráda i gCaisleán Nua. Tá na fallaí móra le feiscint ann fós agus is breáhh an radharc iad. Ba le Muinntear Ó Faoláin é fadó.
D'ionnsuigheadh é ach do fuair Muinntir Ó Faoláin thar n-ais é arís.
Nuair a fuair na daoine sin bás do thuit an caisleán agus níl acht na sean fallaí le feiscint ann anois.
Tá Cill mór i gCnocperri i bpáirc Muinntir Colbáirt. Tá sórt staighre ag dul isteach go dtí an Cill agus deirtear go bhfuil tigh isteach ann. Do

(continues on next page)
Informant
Dathí h-Aillidhe
Gender
male
Age
72
Address
Knockperry South, Co. Tipperary
Language
Irish