School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin

Filter stories

Back
/ 382 Forward
Resolution: Low | High
An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 361

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Paidreacha.
A Íosa a chroidhe na páirte, bí dom gárda an lae, Dian is cabhruig láimh liom, Is ná fág mé i bearna bhaoghail. Is tusa a rí is a ghrádh gheal. Do fhalaing bás im thaobh, Ar crann na croise créidhte, imeasc do namhaide go léir, Bhí allus fola ag tráigh díot, is tá ag guidhe sa ghairdín léighear. Míle moladh is grásta, led ainm grásach féin.

Informant
Bean Uí Caoimh
Gender
female
Age
68
Address
Newcastle, Co. Tipperary
Language
Irish

Sgéal.
Fadó bhí cailín éigin ag obair i dtigh feirmeóra. Bíodh sí ag obair go dian gach lá agus gach oidhche théigheagh sí isteach sa leabaidh gan dul ar a glúinibh, bhí sí chomh thuirseach san. Nuair a bhíodh sí sa leabaidh deireadh sí aon paidir beag amháin:- "Tá cheithre cúinne im leabaidh. Tá ceithre aingle ós mo cionn, Márta, Séamus,Luke is Séan beannacht Dia ar an leabaidh se atáim im luighe" Oidhche amháin nuair a bhí bhean an tighe ag dul thar doras seomra an cailín chonnaich sí dhearg istigh sa seomra. Chuagh sí isteach ann agus chonnaich sí ceithre saighdiúirí ar gach

(continues on next page)