Tá tobar beannuighthe i bpáirc Muinntir Aogáin. Is le Naomh Bríghidh an tobar sin. Tá an tobar as an tslighe agus mar sin níl fios ag alán daoine go bhfuil sé ann agus annsan ní théigheann acht duine nó beirt ann cun uisge d'fághail. Deireann daoine eile ná fuil an tobar sin beannuighthe in aon cor agus mar sin cuirtear an t-ainm " Tobar na Carraighe" air. Sé an cúis atá leis ná mar tá sé ag rith tré carraig atá ins an bpáirc.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Níl acht aon tobar beannuithe amháin im paróiste agus tá sé sin cúig míle óm thig-sé. Tobar Naomh Pádraig a thugaimíd air. Sé an lá áirithe a thugann daoine turas air an d'tobar sin ná an seachtmadh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »