Ta mórán bóthair im cheanntair agus tá a ainm féin ag gach aon ceann acu. Tá bóthar i gCaisleán Nua a théigheann go Ceapach Cuinn ar a dtugtar "Líne Nua". Tá bóthar eile ag dul go Árdfhionnáin ar a dtugtar "Bóthar an tSéipéil". Tugtar a t-ainm sin air mar tá an séipéal in aice leis. Tá bóthar eile ag dul go Cluain Meala ar a dtugtar "Bóthar an hUachtarlain. Cuirtear an t-ainm sin air mar tá an uachtarlainn suidhthe ar taobh an bóthair sin. Siad na sean bóithre ata timcheall mo cheanntar ná:- Bóthar na Gleo:- Ar Cnoc Loftigh bhiodh rinnceanna ar thaobh an bhothar seo. Sin é an fáth go dtugtar an ainm sin air. Bóthar Dún na Gaoithe;- Tugtar an ainm sin air mar tá sé ag dul go h-áit ar a dtugtar Dún na Gaoithe.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »