School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mullach is ainm don bhaile in a cómhnuighím. Tá ocht dtighthe ann agus tá slinn ar gach ceann acu. 'Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air an áit ná gur chuir na manaigh ag a raibh mainistir san áit sin fadó mallacht ar an áit. Tá beirt duine ann ós cionn seachtmhadh bliana d'aois. Seo iad. Séamus de bPuitléir, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala. Liam Uí Muirgheasa, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala.
Tá cúpla sean fhothracha tighe ann agus leagadh cúpla cinn ann le deannaighe. Níor chuaidh mórán ón áit go dtí America. Talamh aoileach atá innti agus níl acht timcheall trí acra (de) coilltibh. Tá loch beag ann ar a dtuigtar Loch na Gréine. Ritheann an tSiúir tré Mullach. Deirtear go raibh mná riaghalta ar cuaird sa mainistir an lá gur dóigh Muiris De Prendergast é. Nuair a chonnacadar na saighidiúirí ag teacht theicheadar agus do deineadh casan tirm dóibh treasna na h-abhann. Níor fheaca aoinne ó shoin iad.- Informant
- Séamas de bPuitléir
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Moloughnewtown, Co. Tipperary