School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá comhnaidhe orm i mBaile Glas i bparóiste Caisleán Nua agus i mbaruntacht Iffe agus Affe thiar Sa ceanntar seo tá ceithre tighthe. Bhí níos mo acu ann fadó acht fuair na daoine bás agus níor tháinig aoinne chun comhnaidhe ionnta agus tar éis cúpla bliadhain do leagadh iad. Cinn slinne atá ar tri tighthe agus díon tuighe ar an ceann eile.
'Sé an fáth gur tugadh an ainm Baile Glas air ná, tá na tighthe go leir suidhte ar talamh árd. Níl an talamh seo i mBaile Glas go ró- mhaith acht tá cúpla coiréal innti in a geibheann na feirmeóirí cloca. Tá timcheall acar de fé raithneach agus aiteann. Má sheasann tú i mBaile Glas is féidir leat Co. Phuirtláirge d'feiscint timcheall céad slat uait. Idir an dá ceann ritheann abha na Siúire.- Informant
- Pádraig Ó Caoimh
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Newcastle, Co. Tipperary