Báthadh fear dárbh ainm Séamus Ó Noonan san tSiúir timcheall dachadh bliadhan ó shoin. Tugadh an ainm Poll Noonan ar an áit ó shoin. Báthadh fear darbh ainm Liam Prendergast a comhnuigh i Corabella. Dóighteán:- Dóghadh tigh Liam Uí Broin i mBaile Burges timcheall na bliadhna 1869. Doghadh tigh Captáin Perry i gCaisleán Nua timcheall na bliadhna 1918. Tuille:- Bhí tuille mór san tSiúir uair amhain agus ní raibh aon droichead ann an uair sin. Bhí fear darbh ainm Pádraig de bPuitléir ag teacht abhaile ó Caisleán Nua agus bhí sé go dorcha. Tuit sé isteach san abhainn acht do coiméad sé greim maith ar crann beag a bhí ag fás ann. D'airigh fir é ag béirig agus sábhaladh é.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »