School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin

Filter stories

Back
/ 382 Forward
Resolution: Low | High
Cistí Óir i bhFolach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus chomhnuigh sé i Droichead na nGabhar cúpla míle óm thig-se. Bhí alán airgid aige. Nuair a cheap sé go raibh sé chun báis d'fágail ceap sé go gcuirfeadh sé an t-ór i bhfolac. Cuala fear eile é sin agus chuaidh sé i bhfolac cun go bhfeicfeadh sé cad é an áit na chuirfeadh sé é. Chonnaic sé an áit 'nar chuir an fear é agus oidhche amháin chuaidh sé cun é d'fhághail. Fuair se an pota 'na raibh an t-ór act ní raibh aon ór ann. Deirtear gurabh iad na daoine maithe a thóg as é.

D'innis m'athair féin an sgéal seo dhomh. Fuair mo shin sean athair Seán Ó Meachair coire mór déanta
d'airgead fén dtalamh san iothlainn sa mbaile. Na dhiaidh san díoladh i gCeapach Cuinn é. Chonnaic Pádraig Ó Corcubhar atá 'na beathaidh fós an pota airgid sin. Do sgríobhadh i litreacha órtha ar an pota so go raibh pota eile déanta d'ór i bhfolac in áit éigin gairid don áit agus go raibh slabhra á gceangailt le chéile. Ach tháinig meirg ar an slabhra agus briseadh é agus mar sin níor éirigh le h-einne an pota óir d'faghail.

Informant
Pádraig Ó Meachair
Gender
male
Age
53
Address
Frehans, Co. Tipperary
Language
Irish