Cistí óir i bhfolach. De réir an tsheancais tá ór i bhfolach sa tseana caisleán i gCaisleán Nua. Is é duine de clann Prendergast a chuir ann é mar fuair sé amach go raibh ropairí ag teacht chun an caisleán do réabadh. Annsan d'fhiafruigh sé de ceann da fir aimsire aire a thabhairt go deó don ór. Díreach nuair a bhí an geallamhaint tughtha aige do mharbhuigh Prendergast é. Acht mar si féin níor bhris an fhear a fhocal agus ón lá sin amach bhí a sprid ag tabhairt aire don ór. Is minic a chonnaic muinntir na h-áite seo an sprid agus é gléasta i báinín agus hata árd agus madra mór bán in-aice leis.
Deirtear go bhfuil ór i dtaisce leis i Gheann Sileáin leath slighe ider Caisleán Nua agus Mellery. Oidhche amháin chuaidh beirt fear á lorgadh acht tar éis bheith ag romhar timcheall trí uaire ní fuaireadar
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »