School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)

Location:
Newcastle, Co. Tipperary
Teacher:
Siobhán Ní Chochláin

Filter stories

Back
/ 382 Forward
Resolution: Low | High
Áitainmneacha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Maca na nBó:-
Sin páirc atá ag muinntir Muirghasa i Mullach. Tá sean sceal ag baint le sin. Deirtear go raibh fear ag siubhal tríd an bpáirc san nuair a bhí sé go déanach san oidhche agus chonnaic sé mórán bó agus iad ar gach dath agus nuair a chuaidh an fear abhaile fuair sé bás.
Gort na Céimeanna:-
'Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air ná go raibh an páirc san clúdighthe le cloca leathan uair amháin.
Bóithrín Dall:-
Fásann crainn ar gach taobh de agus bíonn sé go dorcha ann i gcomhnuidhe.
Baile Beag:-
Bhí baile beag annuair amháin. Tá na fallaí móra a bhí na tighthe le feiscint ann fós.

(continues on next page)
Informant
Máirtín Dubgán
Gender
male
Age
40
Address
Moloughnewtown, Co. Tipperary
Language
Irish
Location
Newcastle