School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- Newcastle, Co. Tipperary
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Kennelsworth:-
Feirm mhór le Padraig Ó Concubhair é so. Timcheall chéad blian ó shoin chomhnuig fear uasal darbh ainm dó Risteárd Hamilton-Buitléir-Loe (Butler-Lowe) i dtig mór 'san áit seo ar bhruac na Siúire. Fear saidhbhir dob eadh é a choiméad alán seirbhiseach agus a chuaidh amach gach lá ag fiadhach ó chnoc go cnoc. Lá amháin ar tóir an mhadra ruadh do léim sé thar falla a bhí seacht dtroighthe ar aoirde cé go raibh sé in aois ceithre bliann is ceithre fichid annsan. Bhí an-chion ag an bhfear seo ar mhadraí. Do chuir sé suas tighthe cun na madraí fiadhaigh do choimeád agus do chothú. Is mar sin a fuair an fheirm sin a h-ainm. Tar éis roinnt bhlian chaill sé a chuid saidhbhris agus bhí air an fheirm do dhíol agus dul thar lear.- Informant
- Pádraig Ó Scolaidhe
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Flemingstown, Co. Tipperary