Áit-ainmneacha. Caisleán Nua:- Gráig Mhuire an tsean ainm a bhí ar an sráid bhaile seo. Tá fothrach shean-chaisleáin ann fós. Be le muinntir Prendergast é fadó. Tháinig Muiris De Prendergast go hÉirinn leis na Normánaig sa bhlian 1170 agus chuir a chlann fátha ins an áit seo. Daoine maithe ab eadh iad. Thógadar mainistir dos na manaigh thall i Mullach. Lá amháin d'eirig argóint ider duine do mhuinntir Prendergast agus an manach. Do mhasluig an manach an taoiseac agus annsan chuir muinntir De Prendergast an mhainistir trí theine. Nuair a chonnaic na manaig an mhainistir á dhogadh chuireadar mallacht ar mhuinntir De Prendergast. Ó'n lá sin amach bhí an mí-ádh leó. Fuaradar bás na nduine is na nduine agus níl aoine acha beó anois. Níl ach na sean-fallaí 'na seasamh san tsráide. Bóthar na nGall:- Tá an boithrín san gairid don sráid bhaile Caisleán Nua agus is fuirist d'fheiscint connus
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »