School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 075

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 075

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 075
  3. XML “Na Déise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-sgéal a bhíodh ag sna báird ag cur síos ar imteachta treibhe a díbreadh as an Midhe. Tugadh "Tochomlod na nDessi" nó ainmneacha eile de'n tsórt chéadna air agus is dócha gurbh é an cunntas a bhí ag sna sean ughdair nuair a chuireadar síos ar conus agus cathain a cuireadh Ríoghacht Déise Mumhan ar bun.
    Tá cuid de sna daoine a cuireann suim i stair agus ní ghéillid do'n sgéal san in aon chor. Sgéal a ceapadh le h-aghaidh caitheamh aimsire ba eadh é a deirtear agus is fuiris a fheicsint go bhfuil an-chuid de gan crot na fírinne air. Ní raibh mórán measa ar mhuinntir Dheiscirt na hEireann ná tuigsint in a gcúrsaí ag an té a cheap é. Mar sin féin caithfear toradh thabhairt ar an sgéal féachaint an bhfuil aon chuid de'n bhfírinne ann.
    Deir lucht staire gur chuir Cormac Mac Airt as seilbh pé treabh a bhí i Magh Bhreágh timcheall na bliana 275 A.D. B'iad na luaighní (?) a bhí ann le linn Chonchubhair Mhic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish