School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá dhá tobar naomhtha sa pharóiste seo, Tobar Cláirín agus Tobar Tig Bressí. Tá Tobar Cláirín ar Bhóthar an Tobair in aice le Sgoil na gCeárd Ioseph Naomhtha. Nuair a bhí siúireaca Naomh Cláir 'na gcomhnuidhe san áit 'na bhfuil Sgoil na gCeárd anois, d'éirig an tobar i slighe miorbhúilteac agus bhain na siúireaca usáid as an uisge i gcóir an tighe. Lá amháin nuair a bhí an "Black Friar" ag gabháil thar an tobar do bheannuig sé é agus bhí sé 'na tobar bheannuighthe as sin amach.Deirtear go dtéigeadh na daoine cun siubhal timcheall air agus cun paidreaca do rádh. Ní bhíonn turusanna go dtí an tobar anois agus baineann muinntear na h-áite usáid as an uisge i gcóir na tighthe. Tá falla an-íseal tógtha timcheall an tobair i bhfuirm cearcaill agus tá leacaca leathana taobh amuigh de'n bhfalla.
Tá Tobar Tigh Bressí suidhte in aice le Bothar Baile Risteáird. Fuair Brighid Ní Fhathaig amach go raibh turusanna go dtí an tobar tímcheall céad bliain ó shoin. Tá an tobair seo cosúil le Tobar Cláirín ach níl sé comh mór leis.Áit naomhtha iseadh an tobar seo i mBaile an Greimhín. Tá sé dhá míle slighe ó Mainisteir Mhaothail. Tugtar Tobar Maothal air. Thíos i ngleann áluinn atá sé. Bíonn Patrún ann gac bliain ar an dara Domhnac de Mhí Iúil cun onóra do thabhairt do's na Naoimh Cuan ag Brogán a mhair ins an sémhadh aois. Tá fothraca sean-thighe gairid do'n(continues on next page)- Collector
- Neillí Ní Caoimh
- Gender
- Female