School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 056

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 056

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 056
  3. XML “Tionscail na Carraige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a tháinig na Buitleirig go dtí an Carraig do chuireadar déantúsaí lín eadaig, eadaig olna agus brat urláir ar bun ann. Ó 1500 go dtí 1800 bhí na deantusaí fa lan t-seol agus bí formhór muinntir na h-áite ag gabhail dóib. Do rug na Bhúitleirig daoine ó'n bFraínne, o'n Beilg, ó'n h-Olain agus ó'n Spáinn cun eolas na ndéantús sin do thabairt do muintir na Carraig. Do tugad Rateen ar an shaghas eadaig-olna a deinead anso. Bhí súdaireacht, siúinéireacht agus déantús bróg ar siubhal sa baile leis.
    Timcheall 100 bliain ó soin tosnuigheadh arís a tionscal do bunú igCarraig. Bí muillean costúin ag muintir Malcomson o Portládach san áit na bhfuil an uachtarlann anois. Bí suas le 1500 daoine ag obair ann idir na blianta 1840-1870.
    Tréis an chogaidh a bhí in Aimeirica idir na stáit sa tuaiscearth agus deisceart do cúiread cáineaca troma ar allmurughadh cotúin go dtí Aimeirica agus do loith san tionscail cotúin igCarraig. Dunad an monarca sa bliain 1872 agus fágadh na h-oibhrightheorí go beo bhocht. Tosnuig an imirce go h-Albain agus Sasna agus chuaidh timcheall 2,000 go h-Ameirice.
    Go dtí go táinig an Bóthar Iarainn go Carraig deintí tráctáil mór ar an abhainn o Portlairge go dtí Carraig. Cuirti na h-earraid ar siubhal ar na bóithre go dtí na bailte Tiobrad Arann teas ag gCill Coinnig thiar agus teas.
    Is beag tioncal atá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tillí Ní Néill
    Gender
    Female