School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 053
  3. XML “An Caisleán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Caisléan Oirmhúmhan suidhthe ar bhruach na Siúire. Do thóg Eamonn De Bhúitléir é sa bhliain 1309 agus annsan do chuir "Tómás Dubh" De Búitléir feabhas air sa bhliain 1565.
    Caisléan bhreágh iseadh an Caisléan seo. Níl a leithéid le feiscint sa chondae. Tá sé tógtha ar fheabhas agus cosaint láidir iseadh é. Tá sreath de bheanna i dtosac an chaisléain. Tá halla mór agus seomraí breaghta leis istig sa caisléan. Tá pictiúr mór de'n bhainríoghain Eibhlís insan halla agus fé na bhun tá na cinn lithreacha E.R. agus ar an bhfalla eile tá na cinn lithreacha T.B. Bhí an bainríogháin Eibhlís cun teacht ar chuaird go dtí an Carraig agus is annsan a chuir "Tomás Dubh" an feabhas ar an gcaisleán.
    Deirtear gur sa chaisleán seo a rugadh Anne Boleyn. Bhí Máighréad De Búitléir pósta le Sir William Boleyn agus bhí a mac - Tomas pósta le Lady Elizabeth Howard. Inghean do'n bheirt sin do b'eadh Anne Boleyn. Ar na daoine ba mhó cáil a mhair sa caisleán bhí "Tomas Dub" a bí an-mhuinnteardha leis an mbainriogain Eibhlís. Cé gur protustúnach é thug sé foithin agus dhíon Árd Easbog Caisil, Diarmuid Mac Dirdhealbhaigh, nuair a bhí sé ar a theichadh. Tá an seómra le feiscint fós 'nar léigheadh an t-Árd Easbog an t-Aifreann sa bhliain 1585

    Máire Ní Thóibín
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Thóibín
    Gender
    Female