Scoil: Dún Drongáin (B.) (uimhir rolla 7231)

Suíomh:
Drangan, Co. Tipperary
Múinteoirí:
Diarmuid Ó Gormáin Labhrás Ó Gormáín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0557, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0557, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Drongáin (B.)
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “An Áit Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Caisleán
    Níl aon rian den Caiseán le feiscint anois.
    Timpeall caoga nó seasca bliadhan ó shoin bhí fear oibre ag obair chun na fallaí do bhriseadh síos. Sar i bhfad do tháinig cuir? air agus cuimhnigh sé ar sheift. Bhí leach shaibhrín aige agus rith sé suas go dtí an sráid bhaile a cum? in a dhá lein ag rádh le ha-aonne a bhuail leis gur fuair sé é shíos ins an gCaisleán. Sar i bhfad bhí seasca daoine cruinnithe timcheall an Chaisleáin agus ní raibh sé fada go raibh na fallaí go léir leabhéalta aca ach ní raibh pingin nó leathphingin le fághail aca.
    "Táim an bhuídheach díobh" arsa sé i ndeireadh na h-oibre agus thosaigh sé ag gáire.
    An Reilg
    Tá sean reilg ins an mbaile seo agus tá an scéal seo leanas mar gheall uirte gur a b'ainm dó Tadhg Ó Meachair. Bhí sé i na shaidiúir i n-airm Rí Shéamuis nuair a bhí sé ag troid le Liam Oráiste. I nath Dhruim tar éis Aire Luain do tharla go baineadh a cheann de le claidheamh agus ansan imtheacht leis a chapall chomh tapaidh ar a bhí i na chosaibh agus níor stad sé go raibh sé sa bhaile agus an fear gan cheann ag marcuigheacht air. Ar an sloinne ós chionn a uaimh tá sé scríobhta i laidean
    "Luigheann annya Thaddeus Geargach O'Meachair a fuair bás 19ú lá de Mhí na Nodhlag 1627
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge