School: Clochar San Pól, Cill Fhíonáin (roll number 13026)
- Location:
- Kilfinane, Co. Limerick
- Teacher: An tSr. Bernadette
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a chítear fáinne sholuis mór thimcheall na gealaighe cómharta iseadh é go mbeidh fearthainn go flúirseach againn.I rith an t-Samhraidh nuar a bhíonn na fáinleóga ag éitealt in-aice na talmhan sin cómhartha feartainne.Do chreid na sean-daoine nuar a thuit an súgh anuas an séimné ar fuid an urláir 'na cnapóga beaga sin cómhartha go mbeidh fearthainn againn sar i bhfad.Nuair a iompuigheann an deatach ar fuidh an tighe in ionad dul suas an séimné cómhartha iseadh é go mbeidh sé ag cur sheacha.Má fhanann an ceó ós cionn na h-abhann cómhartha deagh aimsire iseadh é, ach nuair a fhanann sé ar na cnocaibh cómhartha fearthainne iseadh é.Nuair a bhíonn an spéir dearg um thrátnóna ar an iorthar, cómhartha deagh aimsire, ach má bhíonn sé dearg ar maidin cómhartha stuirme uabhásach 'sead é.Nuair a bhíonn bogha baistíghe ins an spéir bíonn aimsir ceathach ag teacht.(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Fheórthais
- Gender
- Female
- Address
- Kilfinane, Co. Limerick