School: Cromadh (B.)

Location:
Croom, Co. Limerick
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 205
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá aithne agam ar chailín áirithe a posadh le déidheannaighe - anuiridh a posadh í.

    Tá aithne agam ar chailín áirithe a posadh le déidhennaighe - anuiridh a posadh í. Bhiodh nós i dtigh a máthar sin, nuair a bhiodh ciste á bhacáil aca, síol féir a fágfaí i máinséar na mbo a thabhairt isteach, lán duirn de nú mar sin, agus é do scaipeadh ar an gciste, sé sin le rádh ar bhárr an chiste ar na chur san oigheann dó sin. Bhreathnuigheadh ár gcailín an nós sin, b’fheidir, mhuis, gur chleachtadh sí é sar ar posadh í, ach pé r sa domhan é, do chleachtadh sí é nuair a bhí sí pósta. Bhí go maith is ní raibh go holc, mar adeir na seanchaidhthe. Gach lá nuair a bhiodh na fir imthighthe go dtí na gáirdíní i bhfeidl a gcuid oibre féin, bhiodh bean-an tighe ag déanamh aráin i gcóir an teighligh, agus theigheadh sí go cró na mbo fé dhéin síl an fheir cun é chaitheamh ar an dtaos san oigheann. Déirigh go maith leí, rud do thuill sí, mar cailín maith carthannach dílis do b’eadh í. Bhí sí ag iomcur cloinne, agus an mhaidin seo pé rud a thárla, níor dheaghaidh sí féin fé dhéin an tsíl mar ba ghnáth, ach cuir sí an cailín aimsire na hionad. Ní fada a bhí sí sin imthighthe, nuair do chuala bean-an-tighe an scread sin uaithi siúd a bhain geit, adeirim-se aistí fein. Cuaidh sí go dtí an doras mar a bhfaca sí an cailín aimsire chúichi agus sciúir sceoin uirthí. “Dera Peig a mhaoineach cad do bhain duit?” arsa sí “Ghrádh Dé” arsa Peig “ghrádh Dé, bhean-a-tighe, nuair a chuireas síos mo lámh sa mháinséar a dhiarraidh an tsíl fhagháilt, cad do bheadh an ach an dá fhrog mhóra. Do léimeadar amach tharmsa agus leigeas scread asam.” “Níl ionnat ach ionseach” arsa bean-an-tighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish