School: Cromadh (B.)

Location:
Croom, Co. Limerick
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0507, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 096
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. baintreabhach bocht dá raibh ann uair amháin agus muirear throm uirthi. Nuair a bhí an duine ba shine dhiobh na ghearóideach (mar sin labhair sé :- gearrbhodach) bhreagh láidir, dubhairt sé le n a mhaithrín narbh rud a bfhearr leis ná bheith na sgoláire bhocht. Dubhairt sí seadh agus rug an gearóideach ar a chuid leabhar agus as go bráth leis is é na cosaí buinne (cosnochttha) nó gur srois sé teach mór an duine uasail a bhí na chomhnuidhe san áit sin. Suas leis go dti an doras mór agus bhuail sé cnag, cnag air. Cé thiocfadh amach ach an duine uasal féin. Dubhairt an gearóideach leis gur sgoiláire bocht é féin agus d'iarr sé cabhair éigin ar an nduine uasal. Dubhairt sé sin go dtuibhradh sé a mbea (dá mbeadh) sé ábalta innsint do céard a bhí Mac Dé ag déanamh an bóimeat sin. Do chrom ceann an ghasúir bhoicht go fóil agus nuair d'éirigh sé díreach d'innis sé do'n duine uasal ná raibh sé abálta air. D'iompuigh an duine uasal ar a sáil is chuaidh sé isteach is dhun sé an doras. D'iompuigh an sgoláiare bocht leis, ach ní trí céime a thug sé nuair a chas arís ar an doras agus bhuail sé cnag, cnag, cnag go dian air. D'osgladh é agus bhí an duine mór ann arís. "Gabhaim párdún agat is mé ag teacht comh luath arís" arsá'n sgoláire bocht "ach tá fhios agam anois céard atá Mac Dé ag déanamh anois an bóimeat so." "An eadh" arsa'n duine uasal "agus céard atá Sé ag déanamh". Tá Sé ag casadh roithe" arsa'n Sgoiláire bocht. "Ag casadh roithe,? arsa'n duine uasal "agus tuige go bhfuil Sé á dhéanamh sin nu cad é an chiall a bhaineanns leis an ngno sin?" Tá a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    An Connachtach Fánach
    Gender
    Male