School: Cromadh (B.)

Location:
Croom, Co. Limerick
Teacher:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0506, Page 580

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0506, Page 580

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromadh (B.)
  2. XML Page 580
  3. XML “Local Traditions - Historical and Otherwise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Continued from page 61)
    Referring back to page 59 to a note anent the Lyons of Croom Castle and Croom House, the following remarks, taken from local people may have a passing interest:

    Tháinig an chéad Liathánach (Lyons) go Cromadh breis agus 180 bliadain o shoin, ach taobh istigh de'n dá chéad bliadhain. Muilneoir a b'eadh é agus is doichighe gur de mhuintir Ui Liatháin ó Mhainistir Fhearmhaighe é, ach níl an rud sin sochair ag na daoine annso. Bhí muileann i gCromadh le fada an lá roimis sin ach ní fios d'aoinne anois céibh'aca sealbhóir an mhuilinn annso é nú fear oibre ann é. Pé scéal é fuair sé amach seift fé leith (lín-eadach is) (?) éadach olna do dháthú - gidh go ndeirtear, leis, gur ab é mac an chéad fhir a fuair amach é sin - agus as an tseift a bhí aige, d'éirigh leis is le n a shiol airgead do bhailiú is iad féín do leathanú is do dhaingniú. Bhí tigh aca i n-áit éicint in aice an mhuilinn atá annso anois, ach d'réír mar a chloisfeá, niorbh iongantach an t-árús é; ní hé amháin narbh thigh iongantach é ach deirtear ná raibh ann ach bothán. Pé'r sa domhan é, d'fhás an tigh céadna is do neartuigh is do bhorr muintir Ui Liatháín go dtí gur gairid gur daoine uasile a bhí ionnta. Do réir Lewis, in a "fhocloir ainmneach áiteann, 1836" b'é an Liathánach tighe Cromtha an fear ba mho curtha cruithneachta thar lear, leis an linn sin agus tamall éigin níos déidheannaighe tá sé na chaptaoin ar na Yeos. San am sin nuair a bhiodar ag dul i méid is i saidhbhreas is i nuabhar, bhí na daoine bochta cráidhte ag dul i líonmhaireacht, agus is fuiriste tuigsint cad í an lámh uachtair agus cad í an tarraingt a bhí ag na bodairí oga ar mhuintir na h-áite, agus as an láímh uachtair sin thárla gur rugadh mac óg toghartha do dhuine d' Uibh Liatháín. Thárla lá gur maith leis an Liathánach sin posadh le cailín áirithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Daithí O Ceanntabhail
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir